Arís agus aríst eile
Cuir an leann/an bia ceol ann. Literally: The beer/the food put music there i.e. He/she/they got more lively/in a better mood, after drinking or eating
ag obair ó dhubh go dubh working from dawn to dusk
cuid an daimh den eadra - the ox’s share of milking i.e. nothing to do with something, to have no part in something
ní bhíonn fear náireach éadálach a man with shame/a shy man is not prosperous i.e. If you don’t ask, you won’t get
Is é an eorna nua sibh a fheiceáil arís It is the new barley to see you again i.e. it’s wonderful to see you again
Agus arís
Cuir uait an plámás Stop plámásing me, over-praising me, laying it on with a trowel.
Ní raibh féith ná comhaireamh ann He was blind drunk.
Tá féith ón Diabhal ann There’s divilment in him. There’s a touch of the Devil in him.
Cuirfidh mé cloch ar do charn fós. nó Caithfidh mé cloch ar do leacht fós. I will put a stone on your grave yet. i.e. Revenge is a dish best supped cold.
Seacht ngalair an tsléibhe ort. The seven sicknesses of the mountain on you. There is no shortage of curses as Gaeilge.
Scannán i mBaile an Fheirtéirigh 100 bliain ó shin
Níl ann ach cúpla nóiméid:
https://www.rte.ie/news/nuacht/2020/030 ... -meiricea/
Leaganacha Cainte Arís
Do sheasfainn sa sneachta ag éisteacht léi/leis I would stand in the snow to listen to her/him - praise for a beautiful singer or musician
Mo ghrá do sciúch! A word of appreciation for a fine singer. “sciúch” = throat, windpipe.
Scaoil amach é! A yell at a session or a gig when the music is getting hot and heavy
Cuir taoibhín leis Put a little beside it - i.e. have a shot of whiskey, beside a pint.
Fóclóir Gàedhlig-Gaeilge, uirlis úsáideach
Tháinig mé ar an fhóclóir seo aréir:
https://cs.slu.edu/~scannell/pub/gd2ga.pdf
Ba Mhaith Liom Tomhas A Chur Oraibh
Nuair nach mbíonn uisce ann, ólaim uisce. Nuair a bhíonn uisce ann, ólaim uisce beatha. Cé dúirt?
Freagra amárach
Agus freagra anois:
Sé fear an bháid a duirt, nuair a tháinig siad go béal na h-abhainn, áit a bhí guaire ghainimh ann, agus iad ag feitheamh ar tuille na taoide.
....
When there’s no water, I drink water. And when there’s water, I drink whiskey. Who said it?
It was the fisherman, when they landed at the mouth of the river, where there was a sand-bar, while waiting for the tide to flow, so they could dock at the quay.
Leaganacha Cainte Eile
Ní bhainfeadh sé an cúr den leamhnacht. Literally: He wouldn’t skim milk Really: He is very weak.
Níl slí dhá chat chun rince ann. Literally: There isn’t room for two cats to dance there. Really: You couldn’t swing a cat, it’s so small.
Báist é agus ná bá é. Literally: Baptize it and don’t drown it. Really: Add just a little drop of water (into whiskey.)
Díolfadh sé ar bord loinge thú. Literally: He would sell you on board a ship. Really: He’s not to be trusted.
Ní grian a goras a ubh. Literally: It was not the sun that hatched his egg. Really: He plans ahead.
Chomh bocht leis an deoir = chomh daibhir le daol dubh. Literally: as poor as a tear, as poor as a black beetle. Really: As poor as a church mouse.
Fuaireas na Leaganacha Cainte Deasa Seo
Agus mé sáite san Fhóclóir Gaeilge-Béarla Ó Dónaill.
Cuirfeadh sé thar an abhainn tirim thú Literally: He would put you over the river dry. Really: He could work miracles. or, alternatively: He is an idle boaster
Dhéanfadh sé cat is dhá eireaball air. Literally: He would make a cat with two tails. Really: He can do anything.
D’fheannfadh sé dreancaid ar a craiceann. Literally: He would flay a flea for its hide. Really: He’s a miser, a skinflint
Bhainfeadh sé an bhráillín den chorp. Literally: He would take the shroud from the corpse. Really: There is no limit to his rapaciousness.
Ag lorg an gadhar is gan tásc a dhatha agat Literally: Looking for the dog, not knowing its colour Really: On a fool’s errand - turas góidrisc, ag caitheamh cloiche in aghaidh cuain - throwing stones against the tide
Sean Scéal as Gaelinn: Lucht Ínste Bréige,
Seo scéal a chuala mé i mBaile an Fheirtéirigh agus mé im óg-fhear:
Lucht Ínste Bréige
Bhí cathair ann uair agus bhí rí ar an gcathair sin. Agus do bhíodh an ghráin dearg ag a’ rí sin ar aon duine a nósfadh bréag. Dá bhrí sin chuir sé dlíthe i bhfeidhm i gcoinne lucht éithigh. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Ach do bhí sár-eagla ar a’ rí sin go mbéadh lucht taistilthe ag teacht chun na cathrach agus nách mbéadh aon meas acu siúd ar a chuid dlíthe. Agus go mheasaidís an droch-nós i measc a bpobal féin. D’órdaigh sé go gcuirfí gárda ar gach geata chun na cathrach.
Gach éinne a tháinig chuchu, chuirfí cheist air. Dá mba rud é gur an fírinne a bhí á insint aige, scaoilfí saor é. Ach dá mba rud é gur bréag a bhí á insint aige, crochfaí ar an láthair bonn baill é.
Bhíodar ann lá agus tháinig fear chucu.
“Cár ghabhais?” arsan gárda. “Chun mo chrochta” arsan fear. “Bréag,” arsan tarna gárda. “Crochfaimid é!”
“Ach, má dhéanfaimid sin,” arsan chéad ghárda, “beidh an fírinne ínste aige. Agus níl sé de cheart againne lucht ínste fírinne a chrochadh.”
Bhíodar i bponc. Agus níor réitíodh an cheist ó shin i leith.
Crann órga déanta agam, go raibh maith agaibh,
Thank you, go raibh míle maith agaibh, Satharn, scilling agus an fhoireann Mods go léir.